Foirm Tuairiscithe um Nochtuithe Cosanta

Cuireann an tAcht um Nochtadh Cosanta, 2014 (arna leasú) do chosaintí áirithe d'oibrithe a thuairiscíonn faisnéis faoi éagóir fhéideartha ina n-ionad oibre.

Is féidir le hoibrithe san earnáil phoiblí, san earnáil phríobháideach nó san earnáil neamhbhrabúis an fhoirm seo a úsáid ar mian leo éagóir fhéideartha a thuairisciú, a tharla le linn a gcuid oibre, ar ábhair a bhaineann le measúnú, bailiú agus bainistiú cánacha agus dleachtanna nó ar cur i bhfeidhm rialuithe custam.

Nuair atá nochtadh á dhéanamh, cuir an oiread eolais agus is féidir san áireamh le do thoil.

Trí do shonraí teagmhála a sholáthar, aontaíonn tú go bhféadfadh na Coimisinéirí Ioncaim teagmháil a dhéanamh leat chun admháil go bhfuarthas an nochtadh, agus chun aon fhaisnéis atá ann a shoiléiriú.

Glacann na Coimisinéirí Ioncaim le nochtaí anaithnide, ach ní féidir admháil a eisiúint le haghaidh tuairiscí den tsórt sin, áfach.

Céadainm
Sloinne
Uimhir fóin
ríomhphost