Clárúchán Oibreora Ardáin Eachtrach

Tá an tseirbhís seo ann chun ligean d’oibreoirí ardáin nó do sholáthraithe seirbhíse íocaíochta ar gá dóibh tuairisciú chun a ndualgais tuairiscithe a chomhlíonadh, clárú le haghaidh Seirbhísí ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS) chun a dtuarascálacha um Fhaisnéis ar Ardáin Dhigiteacha (DPI) agus CESOP a thíolacadh.





Cuir faisnéis ar fáil chun ligean dúinn d’iarratas a phróiseáil. Teastóidh an méid seo

Faisnéis bhunúsach i leith Aitheantas na hEagraíochta.

Sonraí Teagmhála an Oifigigh Fhreagraigh.

Aon uimhreacha tagartha cánach úsáidte roimhe seo. Aitheantas Cánach.

Cláraigh anseo le haghaidh FPOanna ar nós DAC7/CESOP

Deimhnigh do chlárúchán agus faigh rochtain ar Sheirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS). Teastóidh an méid seo:

Spás stórála ar an ngléas seo. Iarrfar ort do dheimhniú digiteach ROS a íoslódáil ar an ngléas seo.

Pasfhocal Córais a sheolfar chugat trí ríomhphost.

Do chód fíoraithe 12 dhigit. Is é seo an chód a chuir tú ar fáil agus an próiseas clárúcháin á chomhlánú agat.